Disclaimer
Faisnéis Dhlíthiúil
Cóipcheart
Tá an t-ábhar a léirítear ar an suíomh faoi réir cóipchirt Rialtais de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Is féidir an t-ábhar a íoslódáil ar chomhad nó ar phrintéir do úsáid phearsanta amháin. Má eisítear an t-ábhar seo do dhaoine eile, ní mór an fhoinse (URL san áireamh) agus an stádas cóipchirt a admháil.Ní chuimsíonn an cead chun ábhar faoi chóipcheart Rialtais a atáirgeadh, aon ábhar ar an suíomh seo atá mar réadmhaoin ag tríú páirtí. Ní mór údarás a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann sé chun ábhar dá shórt a atáirgeadh.Séanadh Ginearálta: Soláthraítear an méid atá sna leathanaigh seo mar threoir eolais amháin. Tá sé beartaithe go bhfeabhsóidh siad an rochtain ar fhaisnéis faoi bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach. Cé go ndéantar gach iarracht nuair a bhíonn ábhar á ullmhú le haghaidh foilsithe nó mar fhreagra ar cheisteanna a cuireadh tríd an suíomh gréasáin seo, ní ghlacann an Stát, nó ní ghlactar ar a shon, aon fhreagracht as aon earráidí, easnaimh nó ráitis mhíthreoracha sna leathanaigh seo, nó i bhfreagraí atá tugtha ar cheisteanna a cuireadh, nó atá ar aon suíomh gréasáin ceangailte leis na leathanaigh seo. [Roimh ghlacadh le haon fhianaise a fhaightear tríd an suíomh gréasáin seo, is cóir d’úsáideoir:
• cruinneas, cúrsaíocht, iomláine agus ábharthacht na faisnéise dá chúinsí féin a mheas go cúramach, ó thaobh na gcuspóirí dá bhfuil sí le húsáid; agus
• gach cuíchomhairle ghairmiúil a fháil a bhaineann le sainchúinsí na n-úsáideoirí .]
Naisc Sheachtracha: Má liostaítear suíomh gréasáin nó má thugtar nasc le suíomh seachtrach, is ar son eolas agus áis na n-úsáideoirí amháin a dhéantar amhlaidh. Cé go ndéantar iarracht chun iontaofacht na suíomhanna liostaithe a chinntiú, ní féidir glacadh leis seo mar fhormhuiniú do na suíomhanna seo. Maidir leis an Stát:
• Ní rialaíonn ná ní rathaíonn sé cruinneas, ábharthacht, tráthúlacht ná iomláine na faisnéise a thugtar ar shuíomh gréasáin nasctha;• Ní fhormhuiníonn sé na heagraíochtaí a urraíonn suíomhanna gréasáin nasctha ná na tuairimí a luann siad i dtaobh na dtáirgí nó seirbhísí a thairgeann siad;
• Ní údraíonn sé, nó ní thig leis a údarú, úsáid aon ábhar atá faoi chóipcheart sna suíomhanna gréasáin nasctha;
• Níl sé freagrach as aon tarchuir a fhaigheann úsáideoirí ó shuíomhanna gréasáin nasctha;
• Níl sé freagrach as, agus ní fhormhuiníonn sé, beartais phríobháideachais na suíomhanna gréasáin nasctha
Príobháideachas Bíonn meas ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar chearta na n-úsáideoirí, agus ní bhailíonn sí de ghnáth faisnéis phearsanta de chineál ar bith. Má thugann úsáideoir faisnéis phearsanta nuair atá ceist á cur aige, ní úsáidtear na sonraí ach chun na críocha dár tugadh iad agus ní thugtar d’aon tríú páirtí iad.
I gcás gnáthbhrabhsála ar an ngréasán, ní nochtar aon eolas pearsanta dúinn, ach bíonn eolas staitistiúil áirithe ar fáil againn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. D’fhéadfadh sé go gcuimseodh an fhaisnéis seo seoladh loighiciúil an tsoláthróra atá in úsáid agat, an t-ainm fearainn barrleibhéil óna ndéanann tú rochtain ar an idirlíon (mar shampla, .ie, .com, etc), an cineál brabhsálaí atá in úsáid agat, an dáta agus an t-am a ndéanann tú rochtain ar ár suíomh, agus an seoladh idirlín a úsáideadh chun nasc a dhéanamh lenár suíomh.
Úsáidtear cuid den fhaisnéis thuas chun staitisticí achomaire a chruthú, ag ligean dúinn líon na gcuairteoirí ar ár suíomh a mheas, agus na leathanaigh is minice a ndéantar rochtain orthu a aithint. Úsáidimid na staitisticí seo chun cuidiu linn ár suíomh a dhéanamh níos cairdiúla.