An Ghaeilge
Rinneadh teanga oifigiúil agus oibre den Ghaeilge san Aontas Eorpach ar 1 Eanáir 2007.
D’aontaigh ár gcomhpháirtithe san AE go dtabharfaí stádas oifigiúil don Ghaeilge, i ndiaidh dianfheachtais an Rialtais agus lucht tacaíochta na Gaeilge.
Ciallaíonn na socruithe nua don Ghaeilge
- - Go gcuirtear eolas ar an nGaeilge san áireamh nuair atá earcaíocht á déanamh d’fhorais an AE;
- Go n-aistrítear go Gaeilge na rialacháin uile den AE a bhfuil comhghlacadh leo ag Comhairle agus Parlaimint na hEorpa;
- Go gcuirtear ateangaireacht ón nGaeilge ar fáil, freisin, chun freastal ar na riachtanais ag cruinnithe Airí agus Pharlaimint na hEorpa.
- Tá na mion-ghiotaí nuachta laethúla ar a chuid gníomhaíochtaí arna ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach ar fáil as Gaeilge anois anseo.
Deir na hainmphlátaí os comhair Airí agus ionadaíochtaí na hÉireann anois, freisin, “Éire Ireland” mar léiriú ar stádas nua na Gaeilge san AE.
Ba dhul chun cinn mór don Ghaeilge é an stádas seo a bhaint amach, ach is údar dúshláin é, freisin, nuair a chuirtear san áireamh réimse an aistriúcháin dhlíthiúil. Tá obair ar bun i NUIG agus DCU chun raon cúrsaí a sholáthar, le tacaíocht an Rialtais, d’fhonn freastal ar na riachtanais seo.
Ag leibhéal an AE, ní raibh riamh a leithéid de raon fairsing ábhar ar fáil i nGaeilge faoi obair an Aontais.